COINEASCAR AN LAE (#13797)

A Dhia, a Mháistir, a chuspóir mo mhéine! táimse, do sheirbhíseach, ag iarraidh codladh ar scáth do thrócaire agus luí faoi cheannbhrat do ghrásta agus mé ag agairt ort d’aire agus do chosanta. 
Impím ort, a Thiarna, dar do shúil nach dtagann codladh uirthi, mo  shúile a choimheád ar amharc ar éinní eile ach tú. Neartaigh a radharc, mar sin, le go n-aithneoidh siad do chuid comharthaí agus go mbreathnóidh siad   ar bhun spéire do Thaispeánta. Is tú an Té a bhfuil crith tagtha ar bhunbhrí an nirt i láthair thaispeánta a Uile-Chumhachta. 
  Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUileChumhachtach, an tUile-Cheansaitheach, an Neamh-Ghéilliúil.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

COINEASCAR AN LAE (#13798)

Conas is féidir liom codladh a lorg, a Dhia liom, le linn do shúile an dreama atá ag tnúthán leat a bheith ina ndúiseacht de thairbhe iad a bheith ar deoraíocht uait; nó conas a fhéadaim luí le scíth a chur díom fhad is atá anamacha do leannán buartha, cráite agus iad i bhfad i gcéin ó do láthair? 
Bhí sé de mhuinín agam, a Thiarna, mo spiorad agus mo bheatha go léir a chur faoi réir dheaslámh do nirt agus do choimirce agus leagaim mo cheann ar mo philiúr trí do chumhacht agus tógaim arís é de réir do thola agus do cheada. Is tú, go fírinneach, an Caomhnóir, an Coimeádaí, an tUile-Neartmhar, an tUile-Chumhachtach. 
Dar do neart, ní iarraim, i mo chodladh ná i mo dhúiseacht dom, ach an ní is mian leatsa. Is mise do sheirbhíseach agus is ar do lámh atáim. Cuidighse liom go ceansa cibé ní a chur i gcrích a scaipfidh boladh cumhra do dhea-thola. Is é seo an t-ábhar dóchais atá agam féin agus acu siúd a dhéanann dlúthchumann leat. Moladh leatsa, a Thiarna an uile dhomhain.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

COINEASCAR AN LAE (#13799)

A dhuine a théann sa tóir ar an Fhírinne! Más é is mian leat go n-osclódh Dia do shúil, ní mór duit achainí a dhéanamh ar Dhia, urnaí a chur os ard chuige agus cumann a dhéanamh leis ar uair an mheán oíche agus é seo á rá agat: 	 
A Thiarna, tá mé tar éis m’aghaidh a thabhairt ar ríocht d’aontachta agus mé báite i bhfarraige do thrócaire. A Thiarna, déan mo radharc a shoilsiú trí ligint dó breathnú ar do chuidse soilse le linn na hoíche dorcha seo agus go gcuire fíon do ghrá aoibhneas orainn sa ré éachtach seo. A Thiarna, lig dom aird a thabhairt ar do ghairm agus oscail os comhair mo shúl-sa doirse do neimhe chun go bhfeicfidh mé solas do ghlóire agus go dtarraingeofar i leith d’áilleachta mé. 
  Go deimhin, is tusa an Tabharthóir, an Fial, an Trócaireach, an So-Mhaiteach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

